School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0206

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0206

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0206
  3. XML “Nuair is Cruaidh don Chailligh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear fadó ann agus bhí an-dúil i gcnóthanna aige. Aon lá amháin thug sé leis máilín isteach sa gcoill ag baint chnóthannaí. Nuair a bhí an máilín lán aige shuidh sé síos ghá n-ithe ach sul má bhíodar ithte aige cailleadh é. Sul má bhí sé básuighthe dubhairt sé le na daoine a bhí timcheall air an chuid nár ith sé de na cnothannaí a chur faoi na cheann san uaigh. Bhí fear eile na chomhnaidhe san gcomharsanacht agus an dúil chéadna aige san i gcnothannaí freisin. Nuair a chuala sé an rud a bhí faoi na cheann seisean, tráthnóna déannach chuaidh sé go dtí an uaigh, thóig sé aníos an corp agus na cnothannaí. Annsin thosuigh sé ag briseadh na gcnothannaí ar lic agus ghá n-ithe. Chuaidh séiplíneach an bealach agus chonnaic sé eisean. Rith an séiplíneach go dtí na theach agus dubhairt sé le na mháthair go raibh an fear a cuireadh indé ag ithe cnothannaí thíos sa roilig. "Ní chreidim é nuair nach bhfuil aon tsiubhal agam féin le dul ghá fheiceál". "Téirigh suas ar mo dhruim agus tiubhraidh mise go dtí an roilig thú", arsa an sagart. Rinne sí amhlaidh. Ach nuair a chonnaic sí an fear chaith sí í féin anuas de
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Informant
    Colm Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Informant
    Seán Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    35
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway