School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0164
- XML “An tOileán Draíochta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Oileán Draoidheachta.Timcheall céad bliadhain ó shoin nuair a bhí lá Chinn an dá lá dhéag ann chuaidh fobhailéar as an gCaorán amach ag marbúghadh lachan. Shiubhail sé síos leis an gcladach ag Aill an Bhréagaire. Chaith sé cúpla urchar acht chinn air na lachain fhágháil. Ba é lár an lae a bhí ann agus nuair a bhreathnuigh sé amach ar an bhfairrge chonnaic sé an t-oileán ba deise dár bhfaca súil duine ariamh taobh istigh d'Árainn. Bhí tighthe breághtha ar an oileán agus daoine ag ceól agus a' damhsa ann. "Má chaithean[n] tú urchar isteach ar an oileán" arsa an fear a bhí in aoinfeacht leis, leis an ngunna óir. "Beidh sé agat féin níos mó".
Labhair fear ó'n oileán leis agus d'fhuagair air gan aon urchar a chaitheamh acht foighidh a bheith aige. Tháinig sé isteach chuca agus labhair leó. "Seo leabhar dhuit anois" ar seisean lé fear an ghunna agus ná h-osgail(continues on next page)- Informant
- Bairbre Bean Uí Maoil Eoin
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Occupation
- Baintreach
- Address
- Tóin an Chnoic, Co. Galway