Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0147
- XML “Seanscoil eile a bhí i Rosabhíl”
- XML “An Battery”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tógáil clocha tóghála as.
D'imthigh an máighistir scoile agus dúnadh an teach. Cuireadh muinntir Uí Bhriain i gClaidhneach as seilbh agus tháinig siad go Rosabhíl agus thóg siad an teach seo ar chíos ó na Blácaigh. Mhair siad tamall ann agus annsin chuaidh siad ar ais go Claidhneach. Fuair Báille lé na Blácaigh an teach annsin acht is gearr a mhair sé ann. Ní raibh aon dhuine in a chomhnuidhe san teach anois le trí sgór bliadhain. - An Battery.Deirtear gur in aimsir Napóleoin a rinneadh an Battery atá i Rosabhíl, lé cuan na Gaillimhe a chosaint.
Túr mór cruinn iseadh é agus is as clocha glasa (cloca aoil) atá sé déanta. Tá an balla ó dheas suas lé h-ocht dtroigthe ar leithead. Rinneadh an taobh ó dheas níos láidre ná an taobh ó thuaidh mar tá an fhairrge ó dheas agus is andeas ó'n bhfairrge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Colm Ó Maoil Eoin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tóin an Chnoic, Co. Galway