School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0122
  3. XML “Mac an Rí is a Dheirfiúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an capall sáidhthe san gcró. D'innis sé d'on rí é acht má d'innis fhéin ní dhubhairt an rí tada thar éis go bhfaca sé an sgian faoi leaba an deirbhshiura. Dimthigh an Rí agus a dheirbhshiúr ag fiadhach an lá seo. Chuaidh an bhean siar ag an tobar aríst agus tháinig an chailleach go í. "An ndeacha sé amach indiú?" adeir an chailleach. "Chuaidh" adeir an bhean. "Marbóchaidh tú an chú anocht agus cuirfidh tú an sgian san áit chéadhna" adeir an cailleach. Mharbh, agus má mharbh féin níor dhubhairt an Rí aon bhlas an lá in a dhiaidh.
    Dimthigh sé leis lá ar na bháireach aríst agus tháinig an chailleach go dtí í. D'innis sí dhí go raibh an rí imthighthe aríst indiu. "Marbóchaidh tú a choileachín ruadh anocht agus cuirfidh tú an sgian san áit chéadhna" adeir an chailleach. Mharbh, agus nuair a d'éirigh an Rí ar maidin bhí an coileachín ruadh marbh. Ní dhearna an Rí aon chainnt an lá seo agus chuaidh sé amach aríst ag fiadhach agus chuaidh an bhean ag an tobar. Casadh an chailleach dí aríst agus dubhairt sí leí go ndeacha an rí amach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female
    Age
    65
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Doire an Fhéich, Co. Galway