Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)

Suíomh:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Múinteoir:
Pádraig Ó Heidhin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0118

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0118

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doireadh
  2. XML Leathanach 0118
  3. XML “Tadhg agus Domhnall”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tadhg agus Domhnall.
    Bhí bean ann fadó agus bhí beirt mhac aici agus siad na h-ainmneacha a bhí ortha ná Tadhg agus Domhnall. Bhí cárr coirce lé díol aca agus dubhairt an mháthair lé Domhnall é a dhíol. Chuaidh Domnall go Gaillimh agus dhíol sé an cárr coirce acht stop an capall ag teach ósta agus chuaidh Domhnall isteach agus d'ól sé cúpla pionnta pórtair. Bhí beirt fhear ag imirt cártaí istigh agus chuaidh Domhnall ag imirt chómh maith leó. Ghnóthuigheadar luach an choirce air agus chuaidh sé abhaile trom-chroidheach go maith. Nuair a d'fhiafruigh a mháthair dó cá raibh luach an choirce dubhairt sé gur imrigh sé é lé cártaí. Dimthigh leis arís maidin laé ar na bháireach. Bhí go maith agus ní raibh go h-olc, ar a theacht abhaile dhó sheas an capall san áit chéadhna arís.
    Isteach le Domhnall arís D'ól sé cúpla pionnta agus bhí an bheirt chéadhna ag imirt arís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Fagharta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tóin an Chnoic, Co. Galway