School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doireadh
- XML Page 0051
- XML “Aonach an Bhaileabhair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aonach an Bhailodhair.Bhí fear ann uair amháin, Diarmuid ab'ainm dó. Bhí sé pósta agus bí fear uasal na chomhnuidhe in aice leis. D'imthigh an bhean uaidh Dhiarmuid agus chuaidh sí na chomhnuidhe leis an duine uasal. Bhí éad ar an mbean le Diarmuid agus bhí sí ag iarraidh é a chur dá chos agus dubhairt sí leis an duine uasal go raibh Diarmuid na shaor-cloich agus a rádh leis a léithéid seo go (de) theach a dhéanamh dó agus seomra a chuir ann lé chuile lá go'n (de'n) bhliadhain.
Bhí go maith ghlaoidh an duine uasal ar Dhiarmuid agus dubhairt sé leis teach a dhéanamh dó a mbeadh seomra ann le gach lá go'n bhliadhain. Thosuigh Diarmuid ag sgríobadh a mhullaigh mar bhí fhios aige nach mbeadh sé in a chlaonta é a dhéanamh. Dubhairt Diarmuid leis féin go raibh sé chomh maith dó imtheacht as an tír mar go marbóchaidh an duine uasal é.
Ba ghearr go dtáinig sé chomh fada lé bóthar uaigneach agus casadh pucaide dó, d'fiafruigh sé dhó cá raibh sé ag dul agus dubhairt Diarmuid leis go raibh(continues on next page)- Informant
- Brighid Bean Uí Bhreathnuigh
- Gender
- Female
- Age
- 53
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- Ros an Mhíl, Co. Galway