School: Doireadh (roll number 12946)
- Location:
- Na Doiriú Theas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig Ó Heidhin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)shiota ar an bpoinnte agus sin é an uair a chuimhnigh sé gur as Éirinn é. Chuaidh sé seacht n-acra i ndhiaidh a chúil agus tháinig sé agus bhain sé an ceann ón ngualainn den fhathach. Nuair a bhí ceann an fhathaigh ag dul suas ins an aer dubhairt sé "Dá bhfuighinn-se mé féin ar an gcolainn aríst leann na bhFiann ní bhainfeadh mo chloigeann díom". "Ní bhfuighidh tú thú féin ar an gcolainn aríst" arsa mac na baintreabhaighe ag breith ar an gclaidheamh agus ag déanamh smidiríní den cholainn.
Dimthigh leis annsin agus é tuirseach tárrnuighthe tar éis an lae. Tháinig sé go dtí an teach agus cuireadh na mílte míle fáilte roimhe. Dubhairt sé go gcaitheadh sé dhul abhaile go dtí a mhathair. Acht dubhairt an sean-fhear leis fanacht. Dimthigh leis lá ar na bhárach agus bhí aistir fada lé siubhal aige go sroichfeadh sé teach a mháthair. Bhí sé ag siubhal nó gur casadh isteach i gcrann coille é. Thosuigh sé ag baint crainn agus dá bhfeannadh nó gur rinne sé long. Nuair a bhí an long déanta aige ní raibh bárr cleite amach na bun cleite isteach innte chomh [?] n-oiread lé druim gé. Chuir sé an long seacht bpéirse i bhfairrge gur sheol sé lé na thrí sgód nó gur shroich sé teach a mháthair(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Briain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cladhnach, Co. Galway