School: Doireadh (roll number 12946)

Location:
Na Doiriú Theas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig Ó Heidhin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0001d

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0001d

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doireadh
  2. XML Page 0001d
  3. XML “Seanscéal - Giolla na Luaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sean-Sgéalta
    Giolla na Luaithe.
    Bhí buachaill beag ann uair agus sé an t-ainm a bhí air 'Giolla na Luaithe' mar gheall nach mbíodh sé ag corrughadh amach as an luaith. 'Jack' an t-ainm ceart a bhí air agus ní raibh in aonfheacht leis acht a mháthair. Dubhairt sé len a mháthair go dtiocfadh sé le gadaidheacht. 'Céird (ceárd) ar bith eile' ar sise 'a dtiocfá leis bheinn sásta.' 'Á' ar seisean bíonn Dia dá fheiceál in a leithéid seo d'áit ins an gcoill am áithrid den lá agus má théigheann tú ann innseochaidh sé dhuit cén chéird a gcuirfidh tú leis mé."
    D'imthigh an mháthair léi agus d'imthigh an mac roimpe agus bhain sé dó a chuid éadaigh agus chuaidh sé suas ar bhárr crainn agus tháinig an mháthair agus thosaigh sí ag guidhe. "A Mhic Dé" ar sise 'cén chéird a gcuirfidh mé mo mhac leis". "Ó le gadaidheacht, le gadaidheacht" ars' an mac. D'imthigh an mháthair abhaile go brónach agus bhí an mac sa mbaile roimpe. D'innis sí dó céard a thárla "agus má dubhairt Dia féin é" ar sise "ná téara leis". "Ó Tiocfad a mháthair' ar seisean.
    D'imthigh leis agus chuaidh sé ar aimsir ag an nGaduidhe Dubh. Greasaidhe do b'eadh an Gaduidhe Dubh. An chéad lá bhí an Gaduidhe Dubh agus Jack 'na suidhe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
    Gender
    Female
    Age
    58
    Occupation
    Baintreach
    Address
    Ros an Mhíl, Co. Galway