School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)

Location:
Sonnagh Old, Co. Galway
Teacher:
Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0327

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0327

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
  2. XML Page 0327
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Feili na bliadna.
    Oidhche Samhna.
    Nuair a thagann Oidhche Samhna bíonn ithe agus ól fleadh agus feasda féile agus fáilte do chineadh 's do comarsain. Bíonn arán milis agus an bairín breach fá n-a cuid risiní, cé gheobhas an fáinne atá ann - tarraingeóchaidh sé an bacán roimh Samain seo cugainn. Is fá'n phósaid a bhíos an cleasuíocht 's an chaibidil an oidhche seo - Cnó Páidí agus cnó Nóra dá rosadh: má sgarann siad ó chéile ní maith an tuar do na leannáin é.
    Agus caidé fá na plataí ar lich na teineadh:- uisge glan i gceann acu, páidirín sa ceann eile fainne i triomhad ceann agus créafóig i gceatramadh ceann. Tagann duine agus dállog air agus má chuireann sé a lamh san uisge glan racaidh sé thar sáile, ar an bhfainne béidh sé pósta, ar an bpáidirín béidh sé in a shagart acht má chuireann sé a lámh ar an gcréafóig béid bás indán dó, (de réir mar bhéas an t-ádh leis i gcluice na bplataí.
    Is iomda cailin tréanmhar a théigheadh go dtí sruthán agus píosa éadaigh a nighe ann, agus é a chur ar chul chathaoireacha os comhair teine maithe i meadon-marbh na h-oidhche le feicheál cé thiocfas agus é a iompuigh, an chead fear a tiocfais sé sin an fear a beas indán dhí.
    Chuala mé sgéal seo faoi chailin a bhí in a chomhnuide san ait seo fadó. Oidhche Samhna fuair sí ceirtlin snátha agus chuaidh sí go dtí aithche an aoil. Cháith si an ceirtlín isteach ann agus dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish