School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)

Location:
Sonnagh Old, Co. Galway
Teacher:
Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0322

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0322

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
  2. XML Page 0322
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ainmidhthe na Feirme
    Tógann na feirmeóiri san ait seo ba, gamhna, capaill, asail agus muca agus nuair bhíos siad reamhar díolann siad iad. Sin é an caoi a ndeanann siad a cuid airgid. Nior chualadar focal blénfionn. Deireann fear nuair a bhíonn na ba á thiomáint aige habha, habha. Ar tigh na mbó tugann siad stábla na mbó. Cuirtear luachra agus seisg agus uaireannta tuighe mar easair fés na buaib
    Ceanngluigtear na ba agus na gamhna le súgán. Déantar an súgán de'n fhéar san dtigh le fear-an-tighe. Crochtar croiceann an gabhair i dtigh na mbó cun go mbhéidh an rath ar an stoch.
    Oídhche Bealtaine créideann na daoine go mbéadh droch-dhuine in don a gcuid bainne agus im a tabhairt agus mar gheall air seo cuirtear dorais stáblaí na mbó fé glás. Uaireannta cuirtear uisge naomhtha ar an stoch lá bealtaine.
    Má doirtear bainne le linn crúidte is gnáth le duine a rádh "Go néirigh an bóthar leis. Cúpla blian ó shoin bhí fear san áit seo agus níor mhaith le na comharsanaibh é a fheiceál ar stoch tar éis a bheith le ceannacht acu mar droch-shúil duine a bhí ann. Nuair a fuair sé bás bhí lán airgid aige. San áit seo ní thiubhradh duine bainne ón mbó tar eis laoigh do breit mar créideann se go mbéadh sé ag tabhairt rath ime agus bainne uaidh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish