Tá Loch Béal Sraith suidhte suas sa sléibhte eidir dhá chnoc, timcheall leat bhealaigh eidir an sgoil seo agus Baile-Locha-Ríach, treasna na sléibhe. Tá an loch fada agus caol agus tá clocha mór thart air. Tá bláthanna móra, boga agus fiadháine ag fás ar taobh amháin de agus nuair a líonann an loch ritheann an t-uisge amach ar an dtaobh eile dhe. Deireann cuid de na daoine go bhfacadar ainmhidhe mór sa loch úair amháin nuair a bhíodar ag snámh. Chualaidh mé nach ndeachaidh duine ar bith ag snámh ann ó shoin mar go raibh faitchíos orra. Chualaidh mé freisin gur chuir duine éigin Cóiste Bodhar suas go dtí an áit sin ón caisleán atá í gClochan. Tá sé ráidhte go raibh an Cóiste ag imtheacht ar an dtalamh mar píle olna. Tá sé ráidhte go raibh an loch sin taobh shuas go teach Fionnagáin ar dtús agus go raibh sé líonta lé bric, acht chuir sagart
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »