School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)
- Location:
- Castledaly, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Croithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá go leór comharthaí dtaobh na h-aimsire sa gceanntar seo. Gach lá tá na sean daoine ag cainnt fútha.Deirtear dá bhfeicfeá na faoláin ag teacht insteach ón bhfairrige gur comhartha chun stoirm agus báis-tighe é sin. Dá bhfeicfeá an préachán ag eiteal le aon sgitheán suas agus an ceann eile anuas gur comh-artha droch aimsire é sin. Dá bhfeicfeá fáinne thart ar an n-gealaigh is comhartha droch aimsire é sin. Dá mbeadh cuid denfáinne briste bheadh an ghaoth ag séid-ead on taobh sin. Dá mbeadh an ghealach nua ag seasamh suas díreach bheadh aimsir bhreagh againn. Dá beadh an ghealach ag luigh ar a druim bheadh aimsir go han donna againn. Dá mbeadh cuid den teine gorm bheadh stoirm againn. Dá bhfeicfeá go leór druideóga ag dul suas san éir bheadh aimsir bhreagh againn. Dá mbeadh an cat(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Mheachair
- Gender
- Female