Bhí go leór crainn leagtha ins na coillte agus thuit siad ar stoic agus mharbhuigh siad iad. Bhí siad leagtha ar na bóithre ar maidin nuair a bhí na daoine ag dul go dtí an aonach. Marbhuigheadh go leór daoine an oidhche sin.
Bhí go leór báisteach ann an oidhche sin. Bhí an abha atá ag rith tríd Caislean Uí Dhálaigh líonta suas lé uisge agus bhí sé amuigh ar an mbóthar agus ní raibh na daoine indhán a dhul abhaile ón Aifreann. Bhí gach áit líonta le uisge an oidhche sin. Bhí sé ar an stoirm is measa a bhí san áit seo ariamh. Mo shean aintín a dhinnis é sin dhom. Máire Treasa Ní Mhaoláin do sgríobhFuair sí bás i 1938
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »