Tá eólas beag ag na sean daoine thart sa gceanntar seo ar oidhche na gaoithe móire. Thárla sí sa mbliadhain 1839 acht níl trácht ar an mí nó an lá. Bhí na daoine ag dúil leis an stoirm seo mar bhí néalta dearga sa spéir agus bhí an aimsir fuar agus gaothmhar.
Ag tuitim na h-oidhche thosuigh an stoirim. Bhí an ghaoth ag séideadh go h-árd. Rinne an stoirim seo alán díoghbhála san áit. Leagadh go leór tigthe freisin. Leagadh trí tighthe i n-Íolartan. Briseadh na fuinneóga ionnta agus leagadh síos iad.Marbhuigheadh go leór stoc, agus na h-eallaigh a bhí ins na h-aibhneacha báitheadh iad, agus fuair siad bás leis an bhfuacht agus an t-anrógh. Na báid a bhí ag seól ar an bhfairrge, cuireadh ar straé iad, agus báitheadh na daoine agus briseadh na báid agus cuireadh síos go tón na fairrge iad.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »