School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0035

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0035

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Page 0035
  3. XML “Féilí na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Corp Críost againn in onóir do Íosa Críost. Bíonn Lá Peadar agus Pól againn ar an fiche is naochadh lá de mí na Meitheamh. Bíonn Lá 'le Muire againn ar an cúig deágadh lá de mí Lughnasa. Téigheann na daoine go dtí na tobracha beannuighthe an lá sin.
    Bíonn Oidhche Shamhna, agus Lá Shamhna againn ar an gcéad lá de mí na Shamhna. Bíonn spórt mór ag na páistí óga an oidhche sin. Deirtear go mbíonn na sigheóga amuch an oidhche sin. Ar Oidhche Nodlag rugadh ár Slánuightheór i mBeitil.Bíonn féasta mór ag na daoine an tháth sin. Tugtar Lá 'le Stiophán ar an lá i ndhiadh Lá Nodglag. Bíonn na buachaillí ag dul thart leis an ndreóilín agus bíonn rann aca:
    Dreóilín, Dreóilín, rí na n-éan,
    Lá 'le Stiophán do chapadh é,
    Is mór é a mhuirighin,
    Is beag é féin
    Is dá bhfuighinn airgead,
    Damseóchainn é.
    Máire Ní Mheachair a sgríobh.
    Eolas seo ag na daoine go léir
    S O'C
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Mheachair
    Gender
    Female