Tá go leór Féilí na bliadhna ins an gceanntar seo. Ní raibh mórán Féilí i n-Éirinn fadó, acht tá siad ag éirigh fairsing anois.
Na Féilí is coiteannta atá ins an gceanntar seo sin iad: Lá na Coille, Lá Brighde, Lá 'le Pádraig, An Carraghas, Céadaoin na Luaithridh, Domnac na Cailce, Diardaoin na Comaoine, Aoine an Ceásta, Satharn agus Domhnach na Dásca, Domhnach agus Luan Cingcíse, Lá Cuirp Chríost, Lá Bealtaine, Seana Bhealtaine, Féile Naomh Seáin, Lá 'le Peadar agus Pól, Lá 'le Muire, Lá 'le Martáin, Lá Samhna, agus Oidhche Samhna, Dhá Lá Dhéag na Modlag, Oidhche Nodlag, Lá Nodlag, Lá 'le Stiophán, Oidhche Chinn Bliadhna, agus Nodhlag bheag.
Lá na Coille an chéad ceann. Tugtar sin air, mar ar an Lá sin fadó, tugadh ar Slánuightheór do'n Teampall. Bhí sé mar lá saoire i gcómhnuidhe agus béidh. Bíonn lá saoire eile againn are an séidh-
(continues on next page)