School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín

Filter stories

Back
/ 0041 Forward
Resolution: Low | High
Sióga

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0030

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Níl teach ar bith a théigheanns tú isteach ann nach gcloisfeá scéal éigin faoi sídheóga. Thart ar fud na h-áite seo an áit is minnic a bhíonn siad le feiceál. Deirtear gur suas ag Coill-na-Taidhbhse atá siad ina gcómhnuidhe, agus go mbíonn siad le feiceál gach oidhche ar an dó dhéag a chlog.
Bíonn siad le feiceál istigh i bpáirc Micheáil Mac Giollarnáth, feirmeór beag atá thart sa gceanntar seo. Suas in aice na coille atá an áit agus bíonn soillse le feiceál ann go minic.
Na cinn is mó a bhíonns le feiceál thart, siad sin, an Cóisde Bodhar an Bhean Sídhe, An Mhuc Dhubh, Seán an lampa agus go leór eile. Tá an Cóisde Bodhar le feiceál siar in Talartan ag dul ón sean chaisleán atá i mbaile Bacach go dtí an sean séipéal in Talartan. S’in cóisde mór le ceithre rotha agus péire capall gan ceann, dá

(continues on next page)
Collector
Mairead Ní Mhaoláin
Gender
female
Language
Irish