School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín

Filter stories

Back
/ 0041 Forward
Resolution: Low | High
Muintir Persse sa gCeantar seo

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0024

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tháinig muinntir Persse go dtí an áit seo timcheall na bliadhna 1813. Protustúnaigh do b'eadh iad. Thóg siad seilbh ar an áit seo timcheall na bliadhna sin. Bhí siad ag troid i n-arm Sasannaigh ar fud na h-Éireann roimhe sin.

Cregaróiste an t-sean t-ainm a bhí ar an áit roimh muinntir Persse a theacht ann. Tugadh an t-ainm sin ar an áit, mar bhí creg ann agus ba le muinntir Uí Róiste é, agus an áit roimh Persse. Chuir Persse na daoine a bhí ina gcómhnuidhe san áit sin suas go dtí na sléibhte. Thóg siad an talamh ar fad dóibh feín agus bhí timcheall trí míle acra talmhan acu. Rinne siad teach mór freisin agus bhí siad ina gcómhnuidhe ann.
Rinne siad an túr atá le feiceál i nCaisleán Buidhe go fóil. Nuair a bhí an túr dá

(continues on next page)
Collector
Máire Treasa Ní Mhaoláin
Gender
female
Language
Irish