Sean scoil a bhí ins an teach atá muid in ár gcómhnaidhe ann anois. Rinneadh é ins an b-bliain 1855. Muinntir Persse a rinne é innós nach m-beadh na páisdí ina Caitlicidhe. Nuair a rinneadh an séipéal chuir muinntir Persse an scoil sin ar bun lé na daoiní a iompuigh chun a creidim féin. Bhí na páisdí Protústánaighag dul go dtí an scoil sin agus bhí síad ag iarraidh na Caitlicidhe a thabhairt insteach ann. Bhí síad at tabairt anbruith do na páisdí innós go m-beadh síad ag dul isteach tobair beannuighthe. Bhíodh síad ag dul go dtí an tobar acht nuair a rinneadh an scoil sin inaice leis stop siad ag dul ann. Bhí aon seómra mór amháin chun na páisdí agus dhá ceann eile chun na múinteóirí.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »