Tá go leór pisreóga thart sa gceanntar seo anoir. Tá sé ráidhte go bhfuil daoine indhán an t-arbhar agus na fataí a bainnt ó dhaoine lé uibheacha lobhtha lobhtha a chuir ionnta. Déanann síad an obair sin an chéad de mí na Bealtaine agus chun é sin a stopadh cuireann na daoine crann Bealtaine sa bpáirc. Cuireann na daoine slat cuill thart ar an gcanna bainne nuair a bhíonns síad ag bleaghan na bó ins an Samhradh innós nach dtógfhadg na daoine maithe an t-im uatha.
Tá sé ráidhte muna mbeadh an t-uisge istigh agat roimh dul faoí na gréine go mbeadh na sídeóga agat sa gcanna nuair a bheitheá 'gá thabhairt isteach agus dá bharr sin cuireann na daoine an tsluth sa ceine agusdéanann síad dearg é, agusannsin cuireann síad síos sa gcanna uisge é lé na sidheóga a dhóigeadh. Tá sé ráidhte nach maith an rud snáthaid a thabhairt go duine eile gan snáth a bheith inntí. Cuireann gach duine snáthaid ina chóta, mar tá sé ráidhte go mbeadh an tádh air annsin. Tá sé ráidhte dá mbeadh fear ag
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »