School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0014

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0014

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Page 0014
  3. XML “Naomh Colmán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí go leór naomh sa gceanntar seo fadó, acht an ceann is mó a bhfuil eolas againn faoí, sin naomh Colmán Mac Duaigh. Rugadh é í bparáiste Cilltartain. Rioghnach d'arb ainm a mhathair. Síolraidh sí ó Dhathaí árd rí Éireann. Colmán, athair Gúaire a bhí mar rígh ar Chonnacht an tamh sin. Chualadh sé go mbeadh mac Ríoghnaigh go h-ionghantach agus go cáileamhail agus mar sin de bhí sé lé díoghmháil a dhéanamh da Ríoghnach agus dá mac. Theith sise acht leanadh í, ceangluigheadh cloch ar a muinéal agus caitheadh isteach í abhainn í gCilltartan í. Sábhaluigheadh go míorbhuilteach í agus rugadh a mac, d'fág sí an leanbh ar an dtalamh inaice crann tuinnseóga atá san áit. Ní raibh aoinne leis an leanbh a bhaisteadh, acht tharéis tamaill thánaic beirt mhanach duine aca bacach agus duine aca dall. Ní raibh uisge san áit acht díarr síád cabhar Dé agus thánaic an t-uisge suas san áit a bhfuil an tobar anois. Bhaist síad an leanbh agus nigh síad íad féin san uisge agus thánaic leigheas ortha. Coinnigh siad é gur d'fás sé suas. Nuair a raibh sé ina fhear thóg sé Cill Mhic Duaigh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peigí Nic Aodhagáin
    Gender
    Female