School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)
- Location:
- Castledaly, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Croithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór faoi cúpla bliain ó shin. Tháínig na daoine ansin le é sin a fhéicéal agus nuair a d'fhéach siad istheach chonnaic siad go raibh poll mór istigh. Nuair a d'féach siad go géar chonnaic siad go raibh bealach ag dul isteach faoi an gcnoc. Deirtear gur b'é sin an bealach a bhí ag an bhfathach ag dul isteach go dtí a phlúáis. Ní théigheann aoinne isteach ansin mar bíonn faitchíos orra.Tá teach mór i nGránna agus tá muintir Dúbhlaigh ina gcómhnuidh ann anois agus sin é an teach Phríosúin a bhí thart anseo fadó. Bhí staidhre ag dul síos ó bharr an tighe agus bhí teach eile síos sa dtalamh. Acht bhi air na daoine é sin a dhúnadh nuair a tháinig "Persse." Dhein muinntir Shasanna an teach sin inos go gcuirfeadh siad gach duine a dheánfadh feall isteach go Príosúin.Tá cnoc i bpáirc Paíric Ó Fathaigh agus bhíodh siad ag déanadh na mílte cleasa ar fadó agus chualaidh sean fhear an seinm agus an damhsa aon(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Mhaoláin
- Gender
- Female