School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín

Filter stories

Back
/ 0041 Forward
Resolution: Low | High
Gránna (i mBéarla Granna)

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0009

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Is baile beag Gránna atá leath bhealaig idir Ardrachán agus Caisleán Uí Dhálaigh. Níl aoinne cinnte cén fáth ar tugadh Gránna ar an m-baile seo. Síleann siad gurab é an fáth mar bhí fathach ina chómnuidhe san áit fadó. Ta dhá chnoc i n-Gránna agus tugtar "Túagh Mór" ar an gceann atá i dtalamh muintir Fathaigh anois. Tá ceann eile i dtalamh muintir Dúbhlaigh agus tugtar " Túagh Beag" air. Tá ceanna aca ar taobh do láimhe dheise agus an ceann eile ar an dtaobh eile den bhóthar. Tá sé ráidhte gurab é an fathach a thóg an dá chnoc sin.

Tugadh Gránna ar an mbaile roimh aimsir na Lochlánnach in Éirinn. Tá cnoc mór taobh shiar agus tá go leor cloch thart ann agus deirtear gur b'é sin an teach a bhí ag an bhfathach. Tá áit ar an gcloich agus tá scríobhta ar an gcloich "Giants Grave".
Faoi bhun an chnuic atá i dtalamh muintir Fathaigh tháinig poll

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Mhaoláin
Gender
female
Informant
(name not given)
Relation
relative (other than parent or grandparent)
Gender
female
Address
Grannagh, Co. Galway
Language
Irish
Location
Grannagh