School: Caisleán Uí Dhálaigh (roll number 4509)

Location:
Castledaly, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Croithín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0008

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0059, Page 0008

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caisleán Uí Dhálaigh
  2. XML Page 0008
  3. XML “Buaile Aon Dhorais”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo baile beag atá suidhte suas sa sléibhte sa bparáisde seo trí mhíle taobh shoir go sgoil Caisleán Uí Dhálaígh. Níls sa mbaile anois acht cúig tighthe. Tá abha ag rith tríd an bhaile seo agus tá talamh maith ar bruacha na h-aibhne.
    Fadó nuair a bhí Guaire 'na Righ ar Uí Fiachrach Aoidhne phós bean uasal Dedannan Feargus Mac Rudaí fear freastal an Ríogh. Bhí go leór ba aici mar spréidh. Ní raibh aon talamh aici chun na ba agus thug Guaire cead di na ba a chur ar féarach ar na sléibhtibh thart annsin le fasgadh de na ba nó chun iad a chrúdhadh. Rinne sí bóthán san áit a bhfuil an baile anois. Ní raibh ar an mbóthán seo acht aon doras amháin agus sin é an fáth a tugtar "Buaile-Aon-Dhorais" air.
    Fuair m'athair an sgéal seo ó shean fhear - Páraic Ó Coileáin a bhí ina chómhnuidhe sa mbaile seo timcheall sé-déag bliadhna ó shion. Tá sé ar slighe na Fírinne anois.
    Fuair an sean-fhear seo bás timceall deich mbliana ó soin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    Boleyneendorrish, Co. Galway
    Informant
    Eireamán Ó Croidheáin
    Gender
    Male