Deirtear go bhfuil próca óir le fagháil i gCreig an óir beagnach inaice Coil na dTaidhbsí Cill Chríost, agus is lé Tomás Ó Maoláin an pháirc ina bhfuil sé ann. Is feilmeóir beag Tomás agus is fear óg é. Sé an fath a tugtur an tainm sin ar an mbaile, mar deirtear go bhfuil an císte sin lé fághail san áit.
Tá sé ráidhte go bhfuair Mícheal Mac Giollarnáth é nuair a bhí sé ag fagháíl cloch chun an bhóthair móir. Deirtear go bhfuair sé an próca agus gur chur séi dtaisge é, agus nuair a bhí sé da chúartadh arís nach raibh sé indhán é a fhághail. Deirtear freisin go bhfaca sé spioraid, agus gur d'imthigh sé arís í gceann tamaill, acht gur thánaig faitchíos mór ar Mhíceál. Deirtear gurb'e an fáth nach bhfuair sé an t-ór arís mar nach chuir sé trí smugarlacar nuair a fuair é mura mbeadh sé ina pháirc féin. Tá sé ráidhte go bhfuil sé le fághail ag an
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »