School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Location:
Kinvarra, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0073

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0073

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Page 0073
  3. XML “Laochra ón gCeantar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó bhí alán fear gaisgideach i n-Éirinn agus tagann Gaillimh fé le na fir gaisgidighe. Bhí fear in a comhnuidhe i n-áit darbh ainm Cíllína timcheall trí mhíle ó Cinn Mhara. Fear láidir a bhí ann agus bhíodh sé i gcomhnuidhe ag troid. Uair amháin bhí teach cleasuigheachta i n-áit i gCo an Chláir agus chuaidh an fear seo darbh ainm Pádraic goint go dtí é agus bhí fear ann a bhí ag troid agus tuibhrfaidís cúig púnt do'n duine a bfuighfeadh an troid. Thosuigheadar ag troid agus fuair Pádraigh an bhuaidh agus fuair sé cúig púnt.
    Bhí fear eile in a chomhnuidhe i n-áit darbh ainm Tírin Aoibhinn agus bhiodh sé i gcomhnuidhe ag rith ráiseanna. Donnchad Chinnéidigh a bhí mar ainm air agus bhí an bhuaidh aige le rás a fuair sé i gCinn Mhara. Dubairt na daoine gurbh é an fear is tapamhla chun ráis a rith i gCo na Gaillimhe. Trí mhíle an fhaid agus rith sé é 120 nóiméad agus léim sé léim a bhí sé troigh ar áirde. Bhí fear darbh ainm Pádraigh Ó n-Allmhuráin in a gcomhnuidhe i gCartrún agus bhí snámh ana mhaith aige. Do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Mhoráin
    Gender
    Female
    Address
    Kinvarra, Co. Galway
    Informant
    Parthaláin Ó Mhoráin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kinvarra, Co. Galway