School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Location:
Kinvarra, Co. Galway
Teacher:
Siúracha na Trócaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0071

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0049, Page 0071

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Page 0071
  3. XML “Comhartaí na nAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá triochad is dhó conndae i n-Éirinn agus tá alán bailte beaga ann agus níl ceann aca nach raibh droch-aimsear nó storm aca. Tá alán comharthaí na h-aimsire ag na sean-daoine i gCinn Mhara agus seo cuplá ceann anois.
    Bíonn droch-aimsear againn nuair a téigheann an ghrian síos go h-án dearg. Bíonn báisteach ann nuair a bhíonn na scamaill dubh dórchá. Nuair a chíonn tú píosa beag tur-ceatha ar maidin os cionn an t-sléibhe bíonn droch-aimsear ann. Bíonn storm againn nuair a bhíonn an fhairrge ró árd. Nuair a shéideann an gaoth adhthuaith aniar agus adhthuaith bíonn sneachta againn. Tugann an ghaoth ó dheas an cuid is mó báisthighe dhúinn.
    Bíonn na h-éanlaithe ag sgreadhad agus ag eitilt annseo is annsúd nuair a bhíonn an bháisteach ag teacht. Nuair a shuidheann an cath cois na teineadh agus a dhruim leis bíonn storm ag teacht agus nuair a bhíonn sé ag sgriobadh admaidh. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir bíonn an bháisteach ag teacht
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Móráin
    Gender
    Female
    Address
    Kinvarra, Co. Galway
    Informant
    Parthaláin Ó Mhóráin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Kinvarra, Co. Galway