School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Liosanna na sidheóg.
Is beag conndae nó cheanntar in éirinn nach bhfhuil sean-liosanna ann. Tá á cuid liosanna ag Cinn Mhara cómh maithe le h-aon cheanntar mar in áit ar á dtugtar "Cathair na Madra" air tá sean lios le feiscint.
Dún á thugann muinntear an cheanntair air. Tá sé déanta í gcuma cruinn agus é déanta de clocha. Tá saghas dorais í dtaobh amháin de'n dún agus tagheann daoine isteachtri an dorassin núair is mían leó dul isteach san ndún.
Niorbh fada ó shoin go ndeachaidh fear gur leis an talamh in á bhfhuil an dún isteach chun an dún d'feiscint. Bhí ceirt snátha ag an bhfhear agus cheangal sé an ceirt de chloich sul á chúaidh sé isteach ins an ndún. Isteach leis annsin agus niorbh fhalleóir é ag imtheacht go dtí deireadh an dúin. Ar á shlige isteach chonnaic sé seómraí eile agus parlús dheasa. Chúaidh sé isteach í gceann des na parlusaibh agus chonnaich sé solas iongantach ann. Tháinigh sé(continues on next page)- Collector
- Máire Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway