School: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Location:
- Kinvarra, Co. Galway
- Teacher: Siúracha na Trócaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgéal ghreannhmhar
Ins an t-sean am bhí easgaire bocht in á chómhnuidhe í gConndae Dúin na nGall. Fear ana-bhocht do bhí ann. Bhí mach amháin aige.
Oidhche amháin núair do bhí an t-iasgaire agus á bhean is á mhac in á suidhe cois na teineadh thánaigh bean- súibhail isteach. D'iarr sí lóisdín na h-oidhche ortha. Fúair sí an lóisdín uatha. Ar mhaidin la'r na mhárach núair do bhí an bhean ag imtheacht labhair sí le fear an tighe agus ar sí "A Shéamus, an Oidhche Shamhna seo chughainn fáigh seamróg na gceithre nduille agus cuir fá do chéann é núair á bheidh tú ag dul a chodhladh. Beidh taidhbhreamh agat agus beidh an taidhbhreamh sin í dtaobh an óir atá í bhfholach timcheall na h- áite so." Bhí muintear an tighe ana- bhuidheach dí.
An tráthnóna roimh Oidhche Shamhna bhí Séamus amuigh ar lorg na seamróige. Fúair sé í ar bharr charraige mhóire. Thug sé abhaile í agus an oidhche sin bhí taidhbhreamh aige. Bhí an taidhbhreamh í dtaobh seacht bpotaí óir curtha fá crann in á pháirch féin. Nuair thánaigh Oidhche Nodhlag d'imtigh Séamus agus á mhach ar lorg an óir. Nuair shroiseadar an chrann eógadar amach leach. Líonadar mála leis an ór. Ar chasadh na lá(continues on next page)- Collector
- Máire Uí Laoghaire
- Gender
- Female
- Address
- Kinvarra, Co. Galway
- Informant
- Padhraig Ó Laoghaire
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kinvarra, Co. Galway