School: Dubhras (roll number 6319)
- Location:
- Doorus, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Mearacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhras
- XML Page 0079
- XML (no title)
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá go leor toibreacha beannaithe timpeall . . .”
Tá go leór toibreacha beannuighe timcheall an ceanntar seo. Tá ceann i bPáirc-Mhór agus ceann eile i Cinn-Turla.Tá tobar Bricaín i Paírc-Mhór agus tobar Dúnaín i Cinn-Turla. Nuair a chuimil siad an t-uisge dóibh feín trí uaire bheadh tú leigheasaidhe. Tá tobar Ciarán acht níl mórán uisge an síos i Traígheacht. Tá poll an agus cuireann siad a glún istheach an.Tagann na daoine go dtí an áit sin timcheall Domhnach na bhFear agus codhluigheann siad ann an oidhche sin.- Collector
- Máighread Ní Eidhin
- Gender
- Female
- Address
- Doorus, Co. Galway
- Informant
- Bean Uí Eidhin
- Gender
- Female
- Informant
- Máirtín Ó Eidhin
- Gender
- Male
(no title)
“Tá cúpla toibreacha beannaithe timpeall . . .”
Tá cúpla toibreacha beannuighthe timcheall na h-áite seo. Tá ceann i dTráigheacht ceann i bPáirc-Mhór agus ceann eile i Cinn Turla. Níl aon uisge ins an ceann atá i Tráigheacht acht tugtar tobar air mar sin fhéin. Tá áit an-bheag ann agus bíonn uisge ann agus cuireann siad a ghlúin isteach ann nuair a bhíonn siad ag fagáil na h-áite. Tá na daoine go dtí an áit seo timceall Domnach(continues on next page)