School: Dubhras (roll number 6319)
- Location:
- Doorus, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Mearacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhras
- XML Page 0073
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Seo cúpla ainmneacha de ainmhithe allta atá timpeall na háite seo . . .”
Seo cúpla ainmneacha de ainmhidhche allta atá timpeall na h-áite seo :-
An Girrfiadh, an Coinín, an Sionnach, an Gránóg, an Easóg agus an Broc. Bíonn an nead ag an Sionnach in aít uaigneach faoin talamh, pluais a tugtar air. Coinnicéar a bhíonn ag an gCoinín faoin talain. Istigh ins na sean-ballaí a bhíonn comhnuidhe ar na Gránóige ar na h-easóige.
Bíonn nead ag an broc ins na sgeacha nó i féar árd. Itheann an Sionnach, Cearca, Lachain, Géabha agus eanlaith tighthe eile.
Itheann an Coinín cabáiste, fataí agus torthaí.
Itheann an Girrfiadh arbhar.
Itheann an Easóg éanlaith agus locha.
Deirtear go bhfuil an báirneach níosglice ná an Sionnach mar úair amháin do shíl an Sionnach an bháirneach a bhaint amach le na theanga ó charraig mhór ach bhrúgh an bháirneach síos níos tréine ar a theanga go dtáinic an taoide isteach is gur bhaitheadh é.
Dá gcaithfeadh duine cloch le Easóg agus é a ghartú thiocfadh sé san leabaidh san oidhche agus d'ólfadh sé a chuid fuil.(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chuinn
- Gender
- Female
- Address
- Doorus, Co. Galway
- Informant
- Bean Uí Chuinn
- Gender
- Female
- Informant
- Mícheál Ó Cuinn
- Gender
- Male