School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0066

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0066

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0066
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Tá caisleán mór . . .

    Tá Caisleáin mór suidhte soir ó baile Cinn Mhara. Dún Guaire atá ar an áit in a bhfuil sé suidhte. Sé an fáth ar tugtar (?) Dún Guaire air mar bhí Rí i a chomhnuidhe ann fadó darbh ainm Guaire. Bí Naomh de dhriothair ag Guaire darbh ainm Colmán agus bhí sé in a chomnuidhe i Cill Mic Duaigh.
    Faoi Caraghas theigheadh Colmán ag guidhe agus ag trosgadh thuas i sléibhte na Boirne in a raibh leabaidh aige ann ar a tugtar "Leabhaid Naomh Colmáin". Bí buachaill óg in aoinfeacht leis freisin. Biodair ag trosgadh faoi Caraghas i gcomhnuidhe agus ní íosfadh siad acht araín déanta as min, eórna agus ní ólfadh siad acht uisge. An lá deirneach de Charaghas táinic an ocras ortha acht bhí an buachaill go h-an lag leis an ocras. Dubhairt an Naomh leis foighid a beith aige agus thosuigh sé ag guidhe ar Díá bídh a chuir chuca.
    Thárla an lá sin go raibh féasta mhór ag Guaire agus a chuid searabhántaí. Bí chuile shórt bidh leaghtha i miasaí ar an mbord aca. Díreach bhiodair bailighe timcheall an mbord ag dul ag ithe nuair a d'éirigh na Miasaí suas san aer agus níor stop siad ariamh gur tháinic go dtí an áit a raibh Colmán Naomhtha agus an buachail. Tosuigh siad ag ithe ar an bpoinnte. Ón áit ar d'fágh na miasaí gur stop siad ariamh tugtar Bothar Mian air uaid sin amach. Nuair a connaic Guaire é sin d'eirigh sé go beo tapaidh agus gleas sé féin agus a chuid searabhántaí na capaill agus as go bráth leo in dhiaidh na Miosa (?)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Fhaoláin
    Gender
    Female
    Address
    Doorus, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Faoláin
    Gender
    Male