School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0047
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí mac ag Brian Boru agus bhí capall aige . . .

    Bhí mac ag Brian Boru agus bhí capall aige agus d'fhéadfadh sé theacht suas leis an ngaoith [lá amha] agus a fhéadfadh a dhul tré áon aít. Lá amháin chuaidh sé treasna loch agus tháinic sé go tír na n-Óg.
    Chonnaic sé cailín agus bheannaigh sé dí. agus thosuigh sí ag gáirídhe faoi.
    Tháinic sé anuas ó'n gcapall agus thosuigh sé ag tabhairt "Túirne Mháire" dí acht ní raibh áon mhaith ann.
    Rug sé ar biorach a bhí inaice leis agus thosuigh sé dhá sáitheadh isteach in-a lorga agus in-a chlár éadan acht ní raibh mhaith ann. Rug sé uirri [D'imthigh sé leis ag] annsin agus cheangal sé do chrann í.
    Bhí sé ag imtheacht leis annsin go bhfaca sé bhean ag caoineadh agus d'fhíarr sé céard a bhí uirri agus dubhairt sise go raibh fathach san tír agus go raibh sé ag marbhadh cailíní óga na tíre agus go raibh sé chun a h-inghean aonrac féin a mharbhadh an oidhche sin.
    Dubhairt an buachaill "ó ná bac leis socróchadh mise an cás sin roimh maidin."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
          1. Oisín (~27)
    Language
    Irish