School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0042

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0042

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0042
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Bhí seanfhear liath ina chónaí sa dúiche seo fadó . . .

    Bhí sean fhear liath na comhnuidhe san dúthaigh seo fadó.
    Thárla go raibh sochraid san áit an lá seo agus cuaidh an sean fhear ann.
    Bhí uaigh san Reilg chun an chorp a chuir síos ann.
    Bhí na cnáim dé'n duine a bhí currta ann roimhe sin caithte aníos as an poll.
    Bí plaosg ann agus tosuigh an sean-fhear ag piocadh an plaosg leis an maide a bhí aige in a láimh agus dubhairt leis na daoi[ne] a bhí ina sheasamh le na thaobh "Nach shin iad na fiacla a d'íosfadh an t-arán."
    Chuireadh an chorp agus caitheadh síos na cnáim go léir san uaigh. D'imigh na daoine abhaile agus d'fhan mar sin gur táinic an oidhche agus cuaidh sé (abhaile) chodhladh agus níor corsach sé é féi[n] agus fiú an paidir ní abroch sé.
    Ní raibh sé istigh san leabaidh nuair a bhuaileadh buile ar an bhfuinneóg.
    Déineadh é sin trí huaire in a dhiaidh a chéile agus dúbharadh leis éirigh.
    D'éirigh sé agus chuir sé air a chuid eadaig go mear.
    Cuaidh sé amach agus bhí fear taobh amuigh dé'n bhfuinneóg.
    Ní duine saoghalta a bhí ann ach taibhaidhse.
    Thug sé leis an sean-fhear go dtáinic sé comh fada leis an fairr[ge.] Dubhairt an fhear leis an sean-fhear. "Tuige an raibh tú ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish