School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0021
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Níl satharn sa mbliadhain nach soillsigheann an grian
    2) Is deacair sean cean do cur ar ghuailnibh óga
    3) Is fear sioc ná síor bháisteach
    4) Muna mbeidh sé tirm is fliuch is feárr é
    5) Is dána gach mada ag doras a thighe féin
    6) Ag tuilleadh 's ag thrágha seadh chaitheann se'n lá
    7) Ní bheidh sé ag báisteach i gcomhnaidhe
    8) Is dána muc ná báisteach i gcomhnaidhe
    9) Is goirre cabhair Dé ná an doras
    10) Is deacair fuil do bhaint as turnapaí
    11) Na cuir do chorrán i ngort gan iarraidh
    12) Is foisge do mhnaoi leith-sgéal ná a práisgín
    13) Is glas iad na cnuicí i bhfad uainn
    14) 'Se bailigheas go cruaidh roinn sé go dona
    15) Ná cóirighidh na sicíní go dtagaidh siad amach
    16) Nodlag grianmhar a dhéanann roilig biadhmhar
    17) Ní dírighe an cnámh ar dhrom an lachain ná Lá le Padhraic i lár an Earraigh
    18) Nuair a bhíonn an bolg lán is mín leis an gcnámh a síneadh
    19) Nuair a luigheann gé luighid go léir
    20) Céadaoin na luaitrigh go mbaintear na cluasa de'n té íosfadh feóil
    21) Bean mhic is máthair mar bheadh cat is luch ar agaidh a chéíle
    22) Is olc an cearc nach sgríobann dí féín
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Ní Chárrthaigh
    Gender
    Female
    Address
    Kinvarra, Co. Galway
    Informant
    Miceál Ó Cárrthaigh
    Gender
    Male