School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0009

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0009

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0009
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    47. Mol an óige is tiocfaidh sí.
    48. Bíonn ceann caol ar an óige.
    49. Is deacair sean ceann do cur ar gualíní óga.
    50. Cuir smacht i do leanbh in a óige.
    51. Is glas iad na cnuic ibhfad uainn.
    52. Tús na h-eagla umhan dé.
    53. Bíodh eagla ort agus ní baighal duit.
    54. Is fearr bhiadh ná ciall.
    55. Tús maith leath na h-oibre.
    56. Ní bhíonn saoi gan locht.
    57. Ná mol is ná cáin tú féin.
    58. Tá cainnt saor agus airgead ar tobac.
    59. An té nach mbeidh ciall aige beidh fán air.
    60. An té atá suas oltar deoch air, an té atá síos buailter cos air.
    61. Is fearr teach beag agus mórán biadh ná teach mhór agus beagán biadh.
    62. Milis glór gach fir ag a mbí cuid agus spré. Searbh glór an té bhíos lom bun ós cionn a labhras sé.
    63. Ná creid fionn, is ná creid fiach is na creid briathra mná, más moch mall éireóchas an grian is mar lé toil dé an lá.
    64. Más gearr ó indé go dtí indiu is giorra bhéas an (?) ag teacht.
    65. Is deacair fuil a bhaint as turnipí.
    67. Aitheannuigheann ciaróg, ciaróg eile.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Ghloinn
    Gender
    Female
    Address
    Doorus, Co. Galway