School: An Cheapach (roll number 14508)
- Location:
- Cappagh, Co. Galway
- Teacher: Seosamh G. Ó Cléirigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Cheapach
- XML Page 0097
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is ins an Inid is mó pósann daoine ins an ceanntar seo. Ní phósann aon duine i mí Bealtaine nó ar lá an choir - cébí lá den t-seachtmhain é - an triomhadh lá indhiaidh Lae Nodhlag.
Téigheann an fear go teach an chailín ar dtús uaireannta, acht go minic cuireann sé beirt eile agus tugann siad buidéal uisge beatha leo. Iarrann siad an cailín ar a athair agus má bhíonn a athair sásta bíonn suipéar mór acu i deach an chailín cúpla oidhche indhiaidh sin. Tugann an cailín a comhráide agus a comhursan cuig a teach féin agus tugann an fear beagán fear leis. Níl cead aige bean nó cailín a tabhairt leis. Tugann athair an chailín leath de'n spré don fhear agus an lá indhiaidh sin téigheann an fear agus an cailín chuig an mbaile mór agus ceannuigheann sé éadhaigh agus fáinne di.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhinnearáin
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Address
- Boggauns, Co. Galway