School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá 'le Bríghde. Tagann an lá seo ar an chéad lá de mhí Feabhra. An oidhche roimh an féile seo téigheann na "brígheóga" thart O theach go teach ag bailiúghadh
airgid. 'Séard atá ins na brígeóga ná sgata mór buachaillí 's cailíní
agus féasóg ar gach duine aca agus éadaigh éagsamhla ortha go léir. Téigheann siad isteach san gcistin agus déanann siad deas ceóil agus babhta rinnce. Tugann bean-a-tighe cúpla píghinn dhoibh agus imthigheann siad annsin. Caitheann siad an lá mar sin ag dul mór-thimcheall an pharráiste agus nuair a mbíonn an lá thart caitheann an rí-fhurmór díobh an t-airgead ag an dteach-ósta ag ól.
Bíonn na féasóga ortha ionnus nack aithneochadh muinntir na h-áite iad. Bíonn duine aca a seinm ceóil agus duine eile i mbun an airgid a bhailiúghadh agus bíonn na daoine eile a'damhsa. In áiteanna
déanann bean-a-tighe croisín beag as ádhmad agus crocann sí é suas ar an dian an lá seo (Lá 'le Brighde).
Lá 'le Phádraig. Bíonn Lá 'le Pádhraig ann an seachtmhadh lá déag de mhí na Márta agus bíonn an tseamróg á chaitheamh ag gach éinne an lá sin i n-onóir do Phádhraig Naomhtha. Sé an fáth a chaitheann na daoine an tseamróg ná deirtear nuair a bhí Naomh Pádhraig ag craobscaoileadh
an creidimh i n-Éirinn agus nuair nár fhéad na daoine a thuigsint go raibh trí pearsa in Dia thóg Naomh Pádraig seamróg na dtrí nduilleóg 'na láimh agus theasbeán sé dóibh(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Eathach
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Chinnéidí
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway