School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl acht aon roilig sa pharraiste seo .i. Cortún atá cuid de pharraiste
Thuma. Tugtar roilig Cortúin ar an roilig sin. Tá sí suidhte in aice
an tseipéil atá suidhte ar bóthar atá tuairim is míle soir ón bóthar árd.
Cuirtear daoine ins an roilig seo fós. Cuma an litir "l" atá uirthi. Tuairim na bliadhna 1904 ceannuigheadh acra talmhan ó Shéamús Ó Díscín ar seasca punt. Ó chuireadh an talamh sin leis tá an roilig ag dul le fáinne. Tá cúpla
thor ag fás thar timcheall na roilige ach níl síad acht an bheag.
Tá dhá thuma i gCortún, ceann acu a rinne Major Leonard tuairim is
seasca bliadhain ó shoin tar éis báis a athar. Tá doras a dul isteach
go dtí an tuaim sin ach chaithfeadh duine an cré do romharadh sul a
bhféadfadh sé é a oscailt nó é a feiceál.
Cuirtear páistí a bhfágann bás gan baiste i sean lios darbh ainm "Lios
a gCrann" atá suidhte ar thalamh Uí Ceannaigh i Síleán. Tuairim is céad bliadhain ó shoin ní raibh aon séipéal i gCortún chor ar bith acht
bhí scoil ann agus bhí sé tuairim is leath codh mór is ata an séipéal
anois. Fear darbh ainm Padhraic Ó Concubhar a bhi ag múnadh ann. An tam sin theigheadh muinntir na h-aite seo go dtí(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Maoldhómnaigh
- Gender
- Male
- Address
- Carrowntanlis, Co. Galway