School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)

Location:
Brownsgrove, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0410

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0410

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Page 0410
  3. XML “Peaitín agus na Blacantans”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí sean-bhean agus a mac ina gcómhnuidhe i gCeathramha an tsean lios i nam an cogaidh
    idir Sasana agus Gearmhain. Bhí Cáit mar ainm ar an tsean-bhean agus Peaitin mar ainm ar an mac.
    Ins an am seo bhí na saighdiúirí Sasanaigh ag teacht anall go dtí an tír seo ag iarraidh na buachaillí óga do bhí ann a dhul amach ag troid leofa san gcogadh - na blacantans mar thugadh Cáit orthu.Bhí siad i gcomhnuidhe ar thóir Pheaitín agus ag iarraidh é ghabhadh acht ní raibh siad i ndon é fhághail chor ar bith.
    An oidhche speichéalta seo bhí siad le teacht agus na tighthe go léir do réideadh agus dubhairt
    Cáit leis muna ndéanfadh sé rud eicín go scúabfadh siad leofa e. Annsin dubhairt sí leis í féin do chur faoi chláir agus a dhéanfadh amach go raibh sí caillte agus cuid de na comhursanna a thabhairt isteach. Annsin do réidtigh sí féin agus chuir sí aibéid uirthi féin agus cuireadh suas ar bord í agus chuir cúpla de na comhursanna brailíneacha fúithi san mbord agus do chroth siad brailíneacha ós a cionn go dtí an leota agus chuireadar crucifix agus pictúirí naomhtha i naice léi agus lasadar coinilí ina timceall agus do leagadar amach í mar corp caillte.
    Thug siad cuireadh de na comhursanna a theacht isteach ag an tóramh annsin. "A chraiceann do chroidhe a mham na corruigh lámh ná cos má thagann siad isteach nó scuabfaidh siad mise" arsa Peaitín le Cáit, "gus deabhal duine bith bhéas agat annsin". "Dona go leor a tháilliúr" adeir Cáit "déanfaifh mé mo dhícheall a mhac". Dubhairt sí leis annsin a dhul amach sa tsráid agus nuair a d'fheicfeadh sé iad
    ag teacht tosaigh ag caoineadh agus ag greadadh a bhois agus na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Rathallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Carrowntanlis, Co. Galway
    Informant
    Bean Uí Rathallaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Female
    Age
    50