School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)

Location:
Brownsgrove, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0408

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0408

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Page 0408
  3. XML “Triúr ar Thóir Oibre”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Uair amháin bhí triúr fir Éireannaigh i Sasana ar thóir oibre. Ní raibh eolas acu ar aon theanga acht Gaedhailg agus nuair a ráinig siad Sasana fúaradar amach nár mhisde leó aon fhocal a tuigsint a bhíodh na Sasanaigh a'rádh, agus nuair a d'iarradar obair ar éinne ní bhéadh fhios aige céard a bhéadh siad a'radh.
    Aon lá amháin chuadar go áit eicín ina raibh trí bóithre agus dubhairt ceann acu gur mhisde le gach ceann acu a dhul ar bhóthar d'ifrideachta agus an méid teanga Sasanaigh a raibheadar in ann a fhóghluim agus an oidhche sin gach ceann acu a bheith ag an áit céadhna ag casadh na dtrí mbóthar ins an tráthnóna.
    Rinneadar an rud sin agus an oidhche sin bhí an triúr aca ag casadh na dtrí mbóthar agus d'fóghluim an chéad fhear "An triúr againne", agus an dara fear "Ar trí sgilleacha is fichead", agus an tríomhadh "Béimid", a dhuine úasal. Acht nuair a tháinigeadar as ais go dtí an áit sin ins an tráthnóna bhí fear marbh ina luighe ar thaobh an bhóthair.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1697: “We Three; For Money.”
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Naoidheanán
    Gender
    Female
    Address
    Cortoon, Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Cinnéidí
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Beagh (Browne), Co. Galway