School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)
- Location:
- Brownsgrove, Co. Galway
- Teacher: Pádhraic Ó hAnnracháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí aithne agam ar fear eile freisin d'ár bhainm dó Miceál Mac Aodha no Mike Cáit a tugtaoi air mar leasainm as "Baile na Gaoithe" (Graigeuchullaire) lámh le Dún Mór agus shiubhaladh sé go Baile Átha Cliath gach uile bhliadhain a bhíodh sé ag dul go Sasana mar spailpín. I mí na Márta nó mar sin bhuailfeadh sé amach ar an mbóthar agus cúpla cácaí déanta as min choirce i mála aige mar is iad sin na saghas cácaí a choingeóchadh an t-ocras uait. Bhéadh sé seachtmhain nó mar sin ar an mbealach agus nuair a shroicfeadh sé Baile Átha Cliath rachadh sé go Sasana ar long ina mbéadh beithidhigh ag dul thart agus gheobhadh sé thart go Sasana annsin nuair a d'íocfadh sé ceithre sgilleacha agus sé pighne. Ní'l aon long de'n tsórt sin ann anois.
Uair amháin a bhí sé ag teacht abaile ó Shasana cúpla seachtmhaine ó Féile na Nodlag chas mé air agus adubhairt sé liom gurbh 'éigin dó a shiubhail as Baile Átha Cliath mar nuair a tháinig sé as an long i mBaile Átha Cliath ní raibh pinghin ina phóca aige agus b'éigin dó greim le n-ithe a iarraidh ar na daoine ar an mbealach ag teacht abhaile dó.- Collector
- Máire Nic Eathach
- Gender
- Female
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Cinnéidí
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Beagh (Browne), Co. Galway