School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (roll number 12138)

Location:
Brownsgrove, Co. Galway
Teacher:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0383

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0383

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Page 0383
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá ór agus seóidí i bhfolach fá crann cuilinn atá ag fás ós cionn dúin ar thalamh fheilméara atá ina chomhnuidhe i n-aice linn i n-áit dár bhainm dó "Meadharlaí". Thug fear Éireannach iad ó India i bhfad ó shoin agus ghoid sé iad ó thaoiseach a bhí ina chomhnuidhe annsin. Tháinig an fear go h-Éirinn leis na seóidí agus an t-ór, acht chuir an taoiseach a mhac ar a thóir. Tháinig an mac suas leis an fear agus rinne sé iarracht ar é a mharbhú. Tháinig faitíos ar an bhfear agus romhar sé poll mór i lár an dúin agus chuir sé na seóidí agus an t-ór ann agus chuir sé crann cuilinn ós cionn an phuil.
    Marbhuigheadh é ina dhiaidh sin. Ní bhfuair an taoiseach na seóidí ná an t-ór ariamh agus creideann na daoine go bhfuil siad faoi an crann cuilinn go dtí an lá atá indiu ann agus go bhfuil "na daoine maithe" ag tabhairt aire dóibh. Dá ndéanfadh duine iarracht cun an t-ór a fhághail go ndéanfadh "na daoine maithe" gearleanmhain air agus nach mbéadh aon ádh aige nó go gcuirfeadh sé an aidhm sin as a cheann.
    Rinne fear iarraidh chun é a fhághail uair amháin. Cheannuigh sé úirlísí nuadh chun é a dhéanamh. Acht an oidhche sin cluineadh gach torann ní bha mheasa ná ná an céad cheann ins an teach tar éis do na daoine bheith imthighthe ina gcodhladh. Nuair a chuadar amach ar maidin bhí na barraí uile imthighthe. Ní raibh fata nó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Eathach
    Gender
    Female
    Address
    Beagh (Browne), Co. Galway
    Informant
    Séamus Ó Cinnéidí
    Gender
    Male
    Age
    77
    Address
    Beagh (Browne), Co. Galway