School: Clochar na Toirbhirte, Tuaim (roll number 12234)
- Location:
- Tuam, Co. Galway
- Teacher: An tSiúr M. Proinseas
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An bhró draoidheachtaBhí fear ann, agus bhí sé an- bhocht. Bhí sé sé [!] pósta - bhí bean agus clann aige. Bhí driotháir aige, an driotháir, bhí sé 'na fear an-tsaidhbhir. Má bhí fhéin ní raibh sé ag cuidiú tada leis leis [!] an bhfear bocht. Ní thiubhradh sé tada dhó. Ní thiubhradh sé airgead na beatha dhó uair ar bith a dteastóchadh ceachtar acabh uaid. An driothair bocht bhí sé ag tigheacht gann i mbeatha, agus gach aon tsórt dhár teastuigh uaidh. Bhí sé lá ag siubhal amach, agus é ar lorg oibre, féachaint an bhfuigheadh sé duine ar bith a choinneochadh ag obair ar a pháigh é, dhá n- éirigheadh leis aon obair fháil. Bhí sé ag siubhal nó go raibh sé deireannach go maith sa tráthnóna, agus bhí sé ag cinnt air aon fhear a fháil sa mbealach ar theastuigh aon fhear oibre uaidh. Nuair bhí sé ag tigheacht ar ais tráthnóna bhí a phóchai follamh. Ní raibh lucht a bhéile aige, na greim le h- aghaidh na mná ná le h- aghaidh na bpáistí. Casadh sean - fhear dhó ar an mbeala[ch] deireannach tráthnóna agus bró bheag ar a ghualainn aige. Bheannuigh sé fhéin agus sean -(continues on next page)
- Informant
- Miceal Ó Conaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Tuam, Co. Galway