School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh aon arán le fághail ins na siopaí ins an t-sean-aimsir agus chaithfeadh na daoine an an t-arán a dhéanamh. Is e anh chaoi a ndéantaí an t-arán ná bróinte a fhághail an chéad uair. Dá chloch a fhághail agus poll a chuir i lár ceann aca. Annsin píosa iarann a chur ina sheasamh ins an bpoll agus poll a chur ins an gcloch eile agus í a leagann anuas ar an (bpoll) bpíosa iarainn. Annsin poll eile a chur ins an gcloch uachtar agus giota mhaide a sháith-síos ann. An bró a leagan ar an seastan agus eadach a chur faoi. Bheadh an maide i ngreim i do lámh dheis agat agus an chruithneachtan a chaitheamh isteach (isteach) ann leis an láimh chlé.
Bosctí
Sgríobadóir agus fataí a fhághail agus na fataí a ghlanadh agus iad a bhrúigh leis an sgríobadóir. Annsin ias a chur isteach i n-éadach agus an a bhruigh amach agus d'fhanfadh an bidh ins an éadach. An duine (da) a bheadh dá dhéanamh chuireadh sé mála air air agus é a chur ar an tlú agus é a(continues on next page)- Collector
- Pádhraig O Bhailís
- Gender
- Male