School: Naomh Breandán, Gaillimh

Location:
Galway, Co. Galway
Teacher:
T. Mac Eochaidh

Filter stories

Back
/ 0267 Forward
Resolution: Low | High
Tiarnaí Talún

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0241

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí tighearna talamhana ann fadó agus bhí sé an-t-saidhbhir agus d'fhág sé tighearna eile ós cíonn an talamh. Thárla go raibh bhean an-bhocht san áit agus ní raibh sí indon an cíos a ioc agus bhí an tighearna seo a dul dá a chur amach as an teach an lá seo. Bhí an tighearna niór ag dul thart an lá seo agus tháinic slabhradh ocrais air. Chuaidh sé isteach i dteach na mná seo agus d'iarr sé béile ar an mbean, Chuirfinn-se síos pota fataí dhuit ach cé'n mhaith dhuit iad gan aon bhlas leo. Tá an tanlan agam féin adheir sé agus rug sé greim ar sgian phóca a bhí ar an mbord agus sháith sé an mhuic agus dubhairt se léithe a beith ag ithe go mbeadh a sáith íthte aice. Thug sé leitir dhé nuair a bhí sé ag imtheacht agus nuair a tháinic an tighearna talamhana eile thug sí an leitir dhó agus dubhairt sé léithe go raibh a chosa nighte aice.
Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé ag ioc a chuid cíosa go maith nó gur bríseadh as a phost é. Nuair a briseadh ní raibh aon airgead aige le h-aghaidh an cíos a ioc. Ní raibh aon ola aige agus ní raibh siad indon aon

(continues on next page)
Collector
Pádraig O Bhailís
Gender
male
Address
Old Church Street, Co. Galway
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
male
Address
Old Church Street, Co. Galway
Language
Irish