Gabha bocht a bhí i Liam D'Asuin. Mhair sé san t-sean aimsir. Bhí Liam ag obair aon lá amháin sa gCeartan. Tháinig aingeal i gcnut fear bocht isteach chuige agus d'fiarr deirce ar Liam. Ní'l aon ceo agam ach trí fhataí agus foradh maith de'n teine ar sa Liam. Nuair a bhí sin fáighte ag an bhfear bocht dubairt sé, "Is aingil mise agus trí athchuingní ar bith a iarras tú gheobhfaidh tú iad. "Buil," a deir Liam, "an duine a bhuaileas ar mo órd mór gan é a stopadh ag bualadh an ionneon nó go dtuibhradh mise cead dó."Á," adeir an t-aingil "níl agat ach péire eile agus iarr ceinn mhaith." "Boil," adeir Liam, "tá cathaoir sa mbaile agam agus aon duine a shuidheas uirthí ní féidir leis éirghe go dtí go dtuirfaidh mise cead dó a éirghe. "Anois," a deir a t-aingil, "ni'l agat anois ach ceann amháin." "Boil," adeir Liam, "Dá mhéid airgid a bhainfeadh mé as mo sparán bheadh sé líonta le airgead. "Boil," adeir an t-aingil " a dhuine dhona níor iarr tú grásta na trócaire. D'imthigh sn t-aingil leis agus lá na mbárach tháinig Sátan an deabail chuige agus é gléasta mar a bheadh duine
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »