School: Naomh Breandán, Gaillimh
- Location:
- Galway, Co. Galway
- Teacher: T. Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Page 0233
- XML “Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tinneas Fiacla.
Píosa choinneal a fhághail agus í a chur faoi an fhiacal agus beidh tú go maith.
Guriní
Sé an leigheas orraibh sin ná píosa bagún a chur síos ins an talamh agus nuair a bheadh an bagún lobhtha bheadh an duine go maith. Dá mbeadh duine ag dul thar abhainn agus a lámh a thoma síos inntí gan breathnughadh ar an áit beadh sé leigheasta.
Truich
Trí sgréach a bhaint as gandal bán nó fataí róstaí agus braon bainne. An rud a déarfadh fear a mbeadh capall aige leat a ithe. A dhul amach fá bholg asal trí uairí. Nó bainne gabhair agus bainne bó a ól agus bheadh tú leigheasta.
Blioscóide
Craiceann girrfiadha a leagan isteach leo. Siúcra agus fúisge agus duilaiginí a chur síos ins an bpóta agus nuair a bheadh siad bruithe iad a ithe agus bheadh tú leigheasta. Cupóg sráide a chuimilt(continues on next page)