School: Naomh Breandán, Gaillimh

Location:
Galway, Co. Galway
Teacher:
T. Mac Eochaidh

Filter stories

Back
/ 0267 Forward
Resolution: Low | High
Tiarna Talún

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0031, Page 0224

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí an tighearna Séamus de Bláca i gCaisleán na Creige in Anach Cuan. Ní raibh seiseann go dona chor ar bith agus bhiodh go leor fearaibh ag obair dhó. Bhí Ristéard ó Ciarbhán in Bhain Mhóir. Rinne seiseann an mhaitheas. Thóg sé sgoil do cloinn na dtionónta bhí tighearna darbh ainm Gunning i gCill Ruadh in Áth Cinn. Bhí sé an géar ar an tionóntaibh Dhíbir sé tailliúr bocht a dtugaidís Tadhg Bacadh air as an teach uair amháin. Ní bhféadfadh sé aon báille le'n a cur amach agus leag sé an teach air. Nuair a chuala sagart a'Paráiste faoi bhí sé a buille agus d'iarr sé ar muinntir a Pharáiste theacht le chéile leis an teach a chur suas arís.
Tháinic siad aon lá amháin agus cuir siad suas an teach agus bhí teine ag an táilliúr ann agus chodail sé ann an oidhche sin. Nuair a an teach leath déanta an lá sin bhí Sean Gunning agus an báille ag tigheacht i mbéal an bhóthair le dhá capall agus cóisde.

(continues on next page)
Language
Irish