Teach mór mór é. Coinleóir óir é tómhais go tapaidh é nó sgéal thart é/. Fr Na Flathais Coinneal agis coinleóir ann agus chuir thusa dán leis sin slat a baineadh ins an gleann agus a cuireadh go cheann ar theach? Fr. Dá ndéanthá sa t'airighe i n0am ní bheadh tú in do stiac annsin. Cé'n ruf a thigheas anonn thar an sáile agus gan sgáile a chur air? Fr Torann Cé méid gob a bhuileas an chearc ar an talamh ó thosuigheann sí ag ithe go stopann sí? Fr aon ghob amháín Ché méid ruball muiche a shroucheadh an gheallach? Fr aon cheann amháin dá mbeadh se sathach fada. Meig meig taobh istigh de'n chlaidhe Meig meig taobh amuigh de'n chlaidhe Ní bhaineadh an meig atá taobh amuigh leis an meig atá taobh istigh? Fr. Neantóg.
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »